PROZ.COM COVID-19 RESOURCE CENTER
Access Covid-19 jobs, answer relevant terminology questions, read industry news and more.

Buntús ProZ.com


Freastalaíonn ProZ.com ar an bpobal aistritheoirí is mó sa domhan trí ghréasán cuimsitheach de sheirbhísí riachtanacha, d’acmhainní agus de mhíreanna fios gnó a chur ar fáil, rud a éascaíonn an saol dá mbaill. Seo liosta agus achoimre de na háiseanna is bunúsaí díobh.


Tabhair agus iarr cabhair téarmaí deacra a aistriú

Cuireann líonra KudoZ creat ar fáil d’aistritheoirí agus do dhaoine eile chun cabhrú le chéile téarmaí nó frásaí gearra a aistriú nó a mhíniú. Cuireadh 3,731,769 ceist aistriúcháin go dáta. Dá réir sin, tá cartlann inchuardaithe an-fhóinteach againn ina bhfuil na ceisteanna sin go léir, mar aon leis na haistriúcháin a moladh dóibh.


Earcaigh gairmithe teanga nó cas le cliaint nua

Is é ProZ.com an phríomhfhoinse d’aistritheoirí chun cliaint nua a ghnóthú. Déantar Poist aistriúcháin agus ateangaireachta a phostáil tríd an gcóras post, agus tairgeann gairmithe ar suim leo an obair a luachana ansin. Chomh maith leis an gcóras postála post, is féidir an eolaire inchuardaithe saoraistritheoirí agus ateangairí a úsáid leis chun gairmithe teanga a aimsiú


Freastail ar imeachtaí ProZ.com - comhdhálacha, cúrsaí oiliúna agus cruinnithe powwow

comhdhálacha, seisiúin oiliúna (ar agus as líne) agus cruinnithe powwow (teacht le chéile neamhfhoirmiúil do ghrúpaí úsáideoirí ProZ.com a chónaíonn sa cheantar máguaird) ag tarlú ar fud an domhain. Is deiseanna iontacha na himeachtaí sin chun cur le do scileanna, bualadh le gairmithe eile agus spraoi a bheith agat leo!


Tabhair aiseolas mar gheall ar sheachfhoinseoirí, léigh aiseolas a d’fhág daoine eile

Is bunachar sonraí inchuardaithe é An Bord Gorm ina bhfuil liosta de sheachfhoinseoirí poist teanga chomh maith le haiseolas ó sholáthraithe na seirbhísí. Ceadaítear d’úsáideoirí ProZ.com a d’oibrigh le seachfhoinseoir ar leith uimhir idir 1 agus 5 a chur isteach a luíonn leis an dealraitheacht atá ann go n-oibreoidh siad le chéile arís, chomh maith le trácht gearr. Agus os cionn 15,000 seachfhoinseoir ar fáil, is dea-ghnás é an Clár Gorm a sheiceáil sula nglactar le jab ó chliant nua.


Pléigh saincheisteanna aistriúcháin le gairmithe eile

Pléigh saincheisteanna a bhaineann le saol an aistritheora nó an ateangaire maidir le Logánú, Cabhair theicniúil le huirlisí CAT, Ag dul i gceann oibre mar ghairmí teanga, Fotheidealú srl.



Cá dtosóidh mé?

Tosaigh le cuntas saor in aisce a chruthú ».
Bhfuil cuntas agat cheana féin le ProZ.com? Logáil isteach »


Foramharc ar an suíomh

Spléachadh ar na háiseanna atá ar fáil ar ProZ.com




All of ProZ.com
  • All of ProZ.com
  • Cuardach téarma
  • Poist
  • Fóraim
  • Multiple search