Freastalaíonn ProZ.com ar an bpobal aistritheoirí is mó sa domhan trí ghréasán cuimsitheach de sheirbhísí riachtanacha, d’acmhainní agus de mhíreanna fios gnó a chur ar fáil, rud a éascaíonn an saol dá mbaill. Seo liosta agus achoimre de na háiseanna is bunúsaí díobh.
Cuireann líonra KudoZ creat ar fáil d’aistritheoirí agus do dhaoine eile chun cabhrú le chéile téarmaí nó frásaí gearra a aistriú nó a mhíniú. Cuireadh 3,905,048 ceist aistriúcháin go dáta. Dá réir sin, tá cartlann inchuardaithe an-fhóinteach againn ina bhfuil na ceisteanna sin go léir, mar aon leis na haistriúcháin a moladh dóibh.
Is é ProZ.com an phríomhfhoinse d’aistritheoirí chun cliaint nua a ghnóthú. Déantar Poist aistriúcháin agus ateangaireachta a phostáil tríd an gcóras post, agus tairgeann gairmithe ar suim leo an obair a luachana ansin. Chomh maith leis an gcóras postála post, is féidir an eolaire inchuardaithe saoraistritheoirí agus ateangairí a úsáid leis chun gairmithe teanga a aimsiú
Tá comhdhálacha, seisiúin oiliúna (ar agus as líne) agus cruinnithe powwow (teacht le chéile neamhfhoirmiúil do ghrúpaí úsáideoirí ProZ.com a chónaíonn sa cheantar máguaird) ag tarlú ar fud an domhain. Is deiseanna iontacha na himeachtaí sin chun cur le do scileanna, bualadh le gairmithe eile agus spraoi a bheith agat leo!
Is bunachar sonraí inchuardaithe é An Bord Gorm ina bhfuil liosta de sheachfhoinseoirí poist teanga chomh maith le haiseolas ó sholáthraithe na seirbhísí. Ceadaítear d’úsáideoirí ProZ.com a d’oibrigh le seachfhoinseoir ar leith uimhir idir 1 agus 5 a chur isteach a luíonn leis an dealraitheacht atá ann go n-oibreoidh siad le chéile arís, chomh maith le trácht gearr. Agus os cionn 15,000 seachfhoinseoir ar fáil, is dea-ghnás é an Clár Gorm a sheiceáil sula nglactar le jab ó chliant nua.
Pléigh saincheisteanna a bhaineann le saol an aistritheora nó an ateangaire maidir le Logánú, Cabhair theicniúil le huirlisí CAT, Ag dul i gceann oibre mar ghairmí teanga, Fotheidealú srl.