Mar a oibríonn córas post ProZ.com

Míniú gearr ar conas a sheoltar poist teanga tríd córas post ProZ.com.


1. Déanann seachfhoinseoir post aistriúcháin nó ateangaireachta a phostáil

Áirítear sa phostáil poist na péirí teangacha, sonraí an tionscadail, an dáta deiridh a nglacfar le luachanna srl. Tá sé de rogha ag an té a phostálann an post é a theorannú do ghairmithe le teanga dhúchais nó dóibh siúd a chónaíonn in áit sonraithe srl.

Déan post a phostáil saor in aisce ar ProZ.com

2. Cuireann gairmithe teanga a suim sa phost in iúl

Is féidir leo siúd a bhfuil suim acu sa phost agus a shásaíonn na critéir (más ann iad) a luachana a chur faoi bhráid an phóstaeir.

3. Roghnaíonn an seachfhoinseoir an gairmí agus déanann teagmháil dhíreach leis/léi.

I ndiaidh roinnt luachana a fháil, roghnaíonn an seachfhoinseoir an gairmí/ na gairmithe don obair agus bíonn teagmháil dhíreach eatarthu. Ní ghearrann ProZ.com aon choimisiún don tseirbhís seo.

4. Fágann siad aiseolas, más mian leo, nuair atá an obair déanta.

Agus an obair curtha i gcrích, is féidir leis an bpóstaer poist agus soláthraí na seirbhíse aiseolas a fhágáil dá chéile.*

*Ní foláir do sholáthraithe seirbhíse an t-aiseolas a thabhairt tríd a bpróifíl.



Féach na Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcóras post.